keyboard_tab Clausole e vendite online Direttiva EU 2019/2161 GA
BG CS DA DE EL EN ES ET FI FR GA HR HU IT LV LT MT NL PL PT RO SK SL SV print pdf
2019/2161 2011/83 2005/29 1998/6 1993/13
2019/2161 GA cercato: ' rialachán' . Output generated live by software developed by IusOnDemand srl- agus 131
- trádálaí 53
- maidir 45
- heorpa 34
- pharlaimint 34
- cuirtear 32
- lena 31
- gcomhairle 30
- leanas 27
- tomhaltóirí 24
- treoir 23
- chun 23
- leanas: 23
- bhfuil 22
- ballstáit 22
- airteagal 20
- leasaítear 20
- méid 20
- rialachán 19
- gcás 19
- ionad 18
- //ce 17
- arna 16
- pionóis 16
- leis 16
- eile 15
- faoi 15
- ciallaíonn 14
- infheidhme 14
- isteach 14
- atá 14
- seirbhísí 14
- sonraí 13
- mír 13
- mbeidh 12
- d’airteagal 11
- ábhar 11
- haghaidh 11
- fáil 11
- digiteach 11
- digiteacha 11
- tomhaltóir 11
- mhír 10
- uimh 10
- náisiúnta 10
- nach 9
- líne 9
- phointe 9
- inarb 9
- bpointe 9
“Airteagal 8
1. Leagfaidh na Ballstáit síos na rialacha maidir leis na pionóis is infheidhme maidir le sáruithe ar fhorálacha náisiúnta arna nglacadh de bhun na Treorach seo agus déanfaidh siad gach beart is gá chun a áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Beidh na pionóis dá bhforáiltear éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.
2. Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear na critéir neamh-uileghabhálacha agus tháscacha seo a leanas san áireamh agus pionóis á bhforchur, i gcás inarb iomchuí:
(a) | nádúr, tromchúis, scála agus ré an tsáraithe; |
(b) | aon ghníomh a dhéanann an trádálaí chun an damáiste a bhaineann do thomhaltóirí a mhaolú nó a leigheas; |
(c) | aon sáruithe a rinne an trádálaí roimhe sin; |
(d) | na tairbhí airgeadais a ghnóthaigh an trádálaí nó na caillteanais a sheachain sé de bharr an tsáraithe, má tá na sonraí ábhartha ar fáil; |
(e) | pionóis a fhorchuirtear ar an trádálaí as an sárú céanna i mBallstáit eile i gcásanna trasteorann ina bhfuil faisnéis faoi phionóis den sórt sin ar fáil tríd an sásra a bunaíodh le Rialachán (AE) 2017/2394 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*2); |
(f) | aon tosca géaraitheacha nó maolaitheacha eile a bhaineann le himthosca an cháis. |
3. Tabharfaidh na Ballstáit, faoin 28 Samhain 2021, fógra don Choimisiún maidir leis na rialacha agus na bearta dá dtagraítear i mír 1 agus tabharfaidh siad fógra dó gan mhoill faoi aon leasú ina dhiaidh sin a dhéanfaidh difear dóibh.
(*2) rialachán (AE) 2017/2394 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2017 maidir le comhar idir údaráis náisiúnta atá freagrach as dlíthe cosanta tomhaltóirí a fhorfheidhmiú agus lena n‐aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 (IO L 345, 27.12.2017, lch. 1).”."
Airteagal 3
Leasuithe ar Threoir 2005/29/CE
Leasaítear Treoir 2005/29/CE mar a leanas:
(1) | leasaítear mír 1 d’Airteagal 2 mar a leanas:
|
(2) | in Airteagal 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 5 agus 6: “5. Leis an Treoir seo, ní chuirtear aon chosc ar na Ballstáit forálacha a ghlacadh chun leasanna dlisteanacha tomhaltóirí a chosaint i ndáil le cleachtais mhargaíochta nó díolacháin atá ionsaitheach nó míthreorach i gcomhthéacs cuairteanna gan iarraidh arna dtabhairt ag trádálaí ar theach tomhaltóra nó turais arna n‐eagrú ag trádálaí a bhfuil sé mar aidhm leo nó a bhfuil de thoradh orthu táirgí a chur chun cinn i measc tomhaltóirí nó táirgí a dhíol leo. Beidh forálacha den sórt sin comhréireach, neamh-idirdhealaitheach agus beidh údar maith leo ar fhorais cosanta tomhaltóirí. 6. Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún gan mhoill faoi aon fhorálacha náisiúnta a nglacfar ar bhonn mhír 5 agus faoi aon athruithe ina dhiaidh sin. Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin ar fáil ar bhealach so-rochtana do thomhaltóirí agus do thrádálaithe ar shuíomh gréasáin tiomnaithe.”; |
(3) | in Airteagal 6(2), cuirtear an pointe seo a leanas isteach:
|
(4) | leasaítear Airteagal 7 is mar a leanas:
|
(5) | cuirtear isteach an t‐airteagal seo a leanas: “Airteagal 13 Pionóis 1. Déanfaidh na Ballstáit na rialacha maidir leis na pionóis is infheidhme maidir le sáruithe ar bhearta náisiúnta arna nglacadh de bhun na Treorach seo a leagan síos agus glacfaidh siad gach beart is gá lena áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Beidh na pionóis dá bhforáiltear éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach. 2. Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear na critéir neamh-uileghabhálacha agus tháscacha seo a leanas san áireamh agus pionóis á bhforchur, i gcás inarb iomchuí:
3. I gcás ina mbeidh pionóis le forchur i gcomhréir le hAirteagal 21 de Rialachán (AE) 2017/2934, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh ar áireamh iontu an fhéidearthacht atá ann fíneálacha a fhorchur trí nósanna imeachta riaracháin nó imeachtaí dlíthiúla a thionscnamh maidir le fíneálacha a fhorchur, nó an dá rud, a mbeidh uasmhéid na bhfíneálacha sin cothrom le 4 % ar a laghad de láimhdeachas bliantúil an trádálaí sa Bhallstát nó sna Ballstáit lena mbaineann. Gan dochar don Rialachán sin, ceadaítear do féadfaidh na Ballstáit, ar chúiseanna bunreachtúla náisiúnta, gan fíneálacha a fhorchur ach sna cásanna seo a leanas:
4. I gcásanna ina mbeidh fíneáil le forchur i gcomhréir le mír 3, ach nach bhfuil faisnéis faoi láimhdeachas bliantúil an trádálaí ar fáil, tabharfaidh na Ballstáit isteach an fhéidearthacht fíneálacha a fhorchur, a mbeidh an fhíneáil uasta díobh cothrom le EUR 2 mhilliún ar a laghad. 5. Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoin 29 Samhain 2021 maidir leis na rialacha agus na bearta dá dtagraítear i mír 1 agus tabharfaidh siad fógra dó, gan mhoill, faoi aon leasú ina dhiaidh sin lena ndéantar difear dóibh. (*4) rialachán (AE) 2017/2394 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2017 maidir le comhar idir údaráis náisiúnta atá freagrach as dlíthe cosanta tomhaltóirí a fhorfheidhmiú agus lena n‐aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 (IO L 345, 27.12. 2017, lch. 1).”;" |
(7) | leasaítear Iarscríbhinn I mar a leanas:
|
Airteagal 4
Leasuithe ar Threoir 2011/83/AE
Leasaítear Treoir 2011/83/AE mar a leanas:
(1) | in Airteagal 2, leasaítear an chéad mhír mar a leanas:
|
(2) | leasaítear Airteagal 3 mar a leanas:
|
(3) | in Airteagal 5, leasaítear mír 1 mar a leanas:
|
(4) | leasaítear Airteagal 6 mar a leanas:
|
(5) | cuirtear isteach an t‐airteagal seo a leanas: “Airteagal 24 Pionóis 1. Déanfaidh na Ballstáit na rialacha maidir leis na pionóis is infheidhme maidir le sáruithe ar bhearta náisiúnta arna nglacadh de bhun na Treorach seo a leagan síos agus glacfaidh siad gach beart is gá lena áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Beidh na pionóis dá bhforáiltear éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach. 2. Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear na critéir neamh-uileghabhálacha agus tháscacha seo a leanas san áireamh agus pionóis á bhforchur, i gcás inarb iomchuí:
3. I gcás ina mbeidh pionóis le forchur i gcomhréir le hAirteagal 21 de Rialachán (AE) 2017/2934, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh ar áireamh iontu an fhéidearthacht atá ann fíneálacha a fhorchur trí nósanna imeachta riaracháin nó imeachtaí dlíthiúla a thionscnamh maidir le fíneálacha a fhorchur, nó an dá rud, ina mbeidh uasmhéid na bhfíneálacha sin cothrom le 4 % ar a laghad de láimhdeachas bliantúil an trádálaí sa Bhallstát nó sna Ballstáit lena mbaineann. 4. I gcásanna ina mbeidh fíneáil le forchur i gcomhréir le mír 3, ach nach bhfuil an fhaisnéis faoi láimhdeachas bliantúil an trádálaí ar fáil, tabharfaidh na Ballstáit isteach an fhéidearthacht fíneálacha a fhorchur, a mbeidh an fhíneáil uasta díobh cothrom le EUR 2 mhilliún ar a laghad. 5. Tabharfaidh na Ballstáit, faoin 28 Samhain 2021, fógra don Choimisiún maidir leis na rialacha agus na bearta dá dtagraítear i mír 1 agus tabharfaidh siad fógra dó, gan mhoill, faoi aon leasú ina dhiaidh sin lena ndéantar difear dóibh. (*8) rialachán (AE) 2017/2394 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2017 maidir le comhar idir údaráis náisiúnta atá freagrach as dlíthe cosanta tomhaltóirí a fhorfheidhmiú agus lena n‐aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 (IO L 345, 27.12. 2017, lch. 1).”;" |
(14) | in Airteagal 29, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1: “1. I gcás ina mbainfidh Ballstát leas as aon cheann de na roghanna rialála dá dtagraítear in Airteagal 3(4), Airteagal 6(7), Airteagal 6(8), Airteagal 7(4), Airteagal 8(6), Airteagal 9(1a), Airteagal 9(3) agus sa dara agus sa tríú mír d’Airteagal 16, cuirfidh sé an Coimisiún ar an eolas faoi sin faoin 28 Samhain 2021, agus faoi aon athruithe ina dhiaidh sin.”; |
(15) | leasaítear Iarscríbhinn I mar a leanas:
|
Airteagal 9
Seolaithe
Dírítear an Treoir seo chuig na Ballstáit.
Arna déanamh in Strasbourg, an 27 Samhain 2019.
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
An tUachtarán
D. M. SASSOLI
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
T. TUPPURAINEN
(1) IO C 440, 6.12.2018, lch. 66.
(2) Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 17 Aibreán 2019 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 8 Samhain 2019.
(3) Treoir 2005/29/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2005 maidir le cleachtais tráchtála éagóracha idir gnólachtaí agus tomhaltóirí sa mhargadh inmheánach agus lena leasaítear Treoir 84/450/CEE ón gComhairle, Treoir 97/7/CE, Treoir 98/27/CE agus Treoir 2002/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 149, 11.6.2005, lch. 22).
(4) Treoir 2009/22/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir le hurghairí chun leasanna tomhaltóirí a chosaint (IO L 110, 1.5.2009, lch. 30).
(5) Treoir 98/6/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 1998 maidir le cosaint tomhaltóirí ó thaobh praghsanna táirgí a thairgtear do thomhaltóirí a chur in iúl (IO L 80, 18.3.1998, lch. 27).
(6) Treoir 2011/83/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2011 maidir le cearta tomhaltóirí, lena leasaítear Treoir 93/13/CEE ón gComhairle agus Treoir 1999/44/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n‐aisghairtear Treoir 85/577/CEE ón gComhairle agus Treoir 97/7/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 304, 22.11.2011, lch. 64).
(7) rialachán (AE) 2017/2394 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2017 maidir le comhar idir na húdaráis náisiúnta atá freagrach as dlíthe cosanta tomhaltóirí a fhorfheidhmiú agus lena n‐aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 (IO L 345, 27.12.2017, lch. 1).
(8) Treoir 93/13/CEE ón gComhairle an 5 Aibreán 1993 maidir le téarmaí éagóracha i gconarthaí tomhaltóra (IO L 95, 21.4.1993, lch. 29).
(9) rialachán (AE) 2019/1150 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le cothroime agus trédhearcacht a chur chun cinn d’úsáideoirí gnó a bhaineann úsáid as seirbhísí idirghabhála ar líne (IO L 186, 11.7.2019, lch. 57).
(10) Treoir (AE) 2016/943 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le fios gnó agus faisnéis ghnó neamhnochta (rúin trádála) a chosaint ar iad a fháil, a úsáid agus a nochtadh go neamhdhleathach (IO L 157, 15.6.2016, lch. 1).
(11) rialachán (AE) Uimh. 524/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Bealtaine 2013 maidir le réiteach díospóidí ar líne le haghaidh díospóidí tomhaltóirí agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 agus Treoir 2009/22/CE (Rialachán maidir le ODR le haghaidh tomhaltóirí) (IO L 165, 18.6.2013, lch. 1).
(12) Treoir (AE) 2016/1148 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Iúil 2016 maidir le bearta le haghaidh ardleibhéal comhchoiteann slándála do líonraí agus do chórais faisnéise ar fud an Aontais (IO L 194, 19.7.2016, lch. 1).
(13) rialachán (AE) 2018/302 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Feabhra 2018 maidir le haghaidh a thabhairt ar gheobhlocáil nach bhfuil údar léi agus ar chineálacha eile idirdhealaithe bunaithe ar náisiúntacht, áit chónaithe nó áit bhunaithe custaiméirí laistigh den mhargadh inmheánach agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 2006/2004 agus (AE) 2017/2394 agus Treoir 2009/22/CE (IO L 60 I, 2.3.2018, lch. 1).
(14) Treoir 2000/31/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2000 maidir le gnéithe áirithe dlí de sheirbhísí na sochaí faisnéise, an trádáil leictreonach, go háirithe, sa Mhargadh Inmheánach (“an Treoir maidir le trádáil leictreonach”) (IO L 178, 17.7.2000, lch. 1).
(15) Treoir (AE) 2019/770 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 maidir le gnéithe áirithe a bhaineann le conarthaí chun ábhar digiteach agus seirbhísí digiteacha a sholáthar (IO L 136, 22.5.2019, lch. 1.).
(16) rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n‐aisghairtear Treoir 95/46/CE (Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).
(17) IO C 369, 17.12.2011, lch. 14.
(18) rialachán (AE) Uimh. 2018/1724 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 2 Deireadh Fómhair 2018 maidir le tairseach aonair dhigiteach a bhunú chun rochtain ar fhaisnéis, nósanna imeachta agus seirbhísí cúnaimh agus réitigh fadhbanna a sholáthar agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012 (IO L 295, 21.11.2018, lch. 1).
whereas